Find a jobRecruiters

Clár Céimithe

Exclusive opportunity

Onsite

Clár Céimithe

Central Bank of Ireland

Clár Céimithe

21 days ago

Share this opportunity

Share this opportunity to other talents of your network:
✓ Offer them a visibility boost with clients.
✓ Help your contacts find their next job.

Important information


Contract type:

Freelance / Contract

Location:

Dublin, Ireland

Work mode:

Onsite

Published on:

29 September 2026

What they need


Ar son Leas an Phobail

I mBanc Ceannais na hÉireann, beidh an deis agat dul i mbun oibre in eagraíocht atá i gcroílár an gheilleagair agus an chórais airgeadais, ina ndéantar obair thábhachtach ar son leas an phobail, agus ina mbíonn gach iarracht á déanamh tionchar dearfach a imirt ar an tsochaí. Lenár gClár do Chéimithe, forbraítear talainn agus ceannaireacht don todhchaí lenar féidir linn leanúint dár sainordú a chomhlíonadh sa lá atá inniu ann agus amach anseo.

Nuair a ghlacfaidh tú páirt inár gClár do Chéimithe, tabharfaimid tús áite do do ghairm bheatha agus do d’fhorbairt féin.

Le linn an chláir trí bliana seo, beidh an deis agat tabhairt faoi obair ilghnéitheach, éagsúil, lena n-áirítear rannchuidiú le forbairt beartais, rialáil gnólachtaí, maoirseacht ar institiúidí airgeadais, agus tacú le hanailís sonraí. Roghnóidh tú ceann de thrí shruth speisialaithe ag brath ar na hábhair spéise agus na huaillmhianta gairme atá agat, agus glacfaidh tú páirt i gcóras uainíochta chun go mbeidh tú in ann do scileanna teicniúla agus idirphearsanta a fhorbairt agus a fheabhsú trí obair fhiúntach, dhúshlánach.

Tuigimid go maith gurb iad ár mbaill foirne bua an Bhainc Ceannais agus táimid tiomanta d’áit oibre ilchineálach, ionchuimsitheach agus forásach a chruthú. Fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla, agus ó dhaoine a bhfuil taithí éagsúil agus dearcthaí éagsúla acu, toisc go neartóidh sé sinn mar dhaoine agus mar eagraíocht.

Táimid tiomanta do thacaíocht dhearfach a thabhairt d’iarrthóirí atá faoi mhíchumas. Más féidir linn aon socruithe réasúnacha a dhéanamh duit le linn an phróisis earcaíochta, déan teagmháil lenár gComhpháirtí um Ionchuimsiú Daoine faoi Mhíchumas, Aobh Kavanagh, ag [email protected] . Ní bhainfear úsáid as aon fhaisnéis a chuirfidh tú ar fáil ach amháin chun tacaíocht chuí a chur ar fáil duit agus ní bheidh aon tionchar aici ar an gcaoi ina mbreathnófar ar d’iarratas.

Tuilleadh eolais faoinár gClár do Chéimithe 2027.

Is é an 30 Deireadh Fómhair an dáta deiridh

Sula gcuireann tú tús le d’iarratas, iarrfar ort próifíl a chruthú. Ar an gcaoi sin, beidh tú in ann d’iarratas a rianú agus a athbhreithniú le linn an phróisis. Cliceáil ar “Clárú” chun próifíl a chruthú agus an próiseas iarratais a chur i gcrích.

A luaithe a bheidh d'iarratas curtha isteach agat, gheobhaidh tú ríomhphost uathoibríoch uainn ina gcuirfear in iúl duit go bhfuarthas an t-iarratas. Mura bhfaighidh tú an uath-admháil seo, déan teagmháil le [email protected]

Cuirfear fáilte roimh iarratais i nGaeilge

Is fostóir comhdheiseanna é Banc Ceannais na hÉireann.

Other offers great for you!

These companies are also looking for great profiles

Reboot Conseil

Chef(fe) de Projet Technique / Pilote de Projets Agile H/F

Permanent contract

Paris, France

Onsite, Hybrid

Skills

Project Manager

4 hours ago

Quick apply

Nexoris

Business analyst Data - Créance / Refinancement / Crédit

500

Freelance

Paris, France

Onsite, Hybrid

Skills

créances

4 hours ago

Quick apply

Yeets

Technicien Helpdesk Réseaux

170

Freelance

Clichy, France

Onsite

Skills

Technicien Helpdesk

4 hours ago

Quick apply

The best place to find your next move

© 2026. All Rights Reserved.

Talents

Find a job

Create a profile

Solutions and tools